Access Keys:

 
 
Naíscoil & Gaelscoil An Lonnáin, Belfast
Naíscoil & Gaelscoil An Lonnáin, Belfast

Fáiltiú Welcome

Thar ceann Naíscoil agus Ghaelscoil an Lonnáin, ba mhaith liom fearadh na fáilte a chur romhaibh chuig ár scoil. Tá Gaelscoil an Lonnáin i gcroílár an phobail in íochtar na bhFál le corradh le 20 bliain, ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí an cheantair. I nGaelscoil an Lonnáin, tá muid ar ár dteanndícheall ár gcuid foghlaimeoirí a spreagadh le gabháil sa seans agus na suimeannaí agus smaointíocha atá acu a fhiosrú i dtimpeallacht shábháilte chothaitheach.  Chuige sin, cuireann muid an cúltúr Gaelach s’againne chun cinn ach ár dteanga, ár gcuid ceoil agus spóirt, agus na healaíona a fhiosrú. Spreagann muid timpeallacht chothaitheach agus is geall le scoil bheag tuaithe muid, áit a bhfuil aithne ag achan duine ar a chéile agus a dtacaíonn siad le chéile. Cuireann muid an pobal agus an Ghaeilge i gcroílár gach a ndéanann muid, rud atá le sonrú ar ár bhfísráiteas:

‘Pobal ag foghlaim, pobal ag forbairt, pobal ag fás.’

Is é an aidhm atá againn gach páiste a thabhairt go barr a gcumais, ach iad a  spreagadh a gcuid suimeannaí a leanstan agus sult a bhaint as a gcuid foghlama. Is foghlaimeoirí maithe iad páistí sásta agus is é sin bunchloch ár n-éitis. Mar phobal, bíonn foireann na scoile, na tuismitheoirí agus na gobharnóirí ag obair gan sos gan scíth lena chinntiú go gcuirtear barr feabhais ar mhianach gach dalta ar an uile dhóigh. Tá súil againn go mbainfidh tú sult as an suíomh iontach s’againne a fhiosrú.

Is mise le meas,

Ciarán Mac Ailín 


On behalf of Naíscoil and Gaelscoil an Lonnáin, I would like to warmly welcome you to our school. Gaelscoil an Lonnáin has been at the heart of the community in the lower Falls area for over 20 years offering Irish Medium education to children from the area. At Gaelscoil an Lonnáin, we strive to encourage our learners to take risks and explore their interests and ideas in a safe, nurturing environment. We do this through promoting our Gaelic culture by exploring our language, music, sports and the arts. We encourage a nurturing environment and have the feeling of a small country school in the city where everyone knows each other and supports each other. We place the community and the Irish language at the heart of everything we do and this is reflected in our vision statement:

‘Pobal ag foghlaim, pobal ag forbairt, pobal ag fás.’

We aim to bring the best out in every child by encouraging them to follow their interests and to enjoy their learning. Happy children make good learners and this is at the centre of our ethos. As a community, school staff, parents and governors work tirelessly to ensure that our students can become the best version of themselves in every way. We hope you enjoy exploring our wonderful website.

Is mise le meas,

Ciarán Mac Ailín 

 

Nuacht is déanaí Latest News

25th Sep 2024
The Board of Governors is proposing to discontinue Gaelscoil an Lonnáin with...
 
 
 
 
2nd May 2024
Buaicphointe an fhéilire spóirt dúinn ná Féile...
 
 
 
 
19th Mar 2024
Bhí lúcháir orainn fáilte a chur roimh bhaill d’fhoireann...
 
 
 
 
19th Mar 2024
Seachtain na Gaeilge 2024 was a busy time at the school with many events involving...
 
 
 
 
 

Pobal na Scoile Our school community

 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 

Imeachtaí le teacht Upcoming Events

Monday, 23rd December 2024
Saor
Tuesday, 24th December 2024
Saor
Wednesday, 25th December 2024
Saor
Thursday, 26th December 2024
Saor
Friday, 27th December 2024
Saor
Monday, 30th December 2024
Saor
Tuesday, 31st December 2024
Saor
Wednesday, 1st January 2025
Saor
Thursday, 2nd January 2025
Saor
Friday, 3rd January 2025
Saor